Teachtaireachtaí

By Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Is sraith í Teachtaireachtaí a thugann ardán do chruthaitheacht phobal na Gaeilge, le scríbhneoireacht, ceol agus filíocht féin-taifeadta. Agus guthanna ilchineálacha le cloisteáil sna cláir; idir chruthaitheoirí a bhfuil seantaithí acu agus iadsan atá ag cruthú ábhair den chéad uair anseo, is sraith í seo a léiríonn an tallann agus an tsamhlaíocht atá ann sa phobal. I ngach eagrán, tá téama éagsúil á chíoradh agus sa chéad chuid den tsraith tá cláir dírithe ar na téamaí seo a leanas: Pobal, Rúin, Máithreacha, Miotas, An Domhan Nádúrtha, Grá, Neart, Beatha agus Bás, Oíche agus Dúchas. Is le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann a rinneadh an clár seo.

Latest episode